Cuid thábhachtach den chlár is ea an tacaíocht atá ann do mhúinteoirí nua-cháilithe ó Fhoirne Tacaíochta Gairmiúla (FTGanna) agus ó mheantóirí ina scoil féin. Is iad na scoileanna a ainmníonn na FTG ar a mbíonn múinteoirí oilte lánphrofa (taithí mhúinteoireachta 5 bliana ar a laghad). Cé go dtacaíonn an scoil ar fad le hionduchtú múinteoirí nuacháilithe bíonn ról ar leith ag baill an FTG agus ag meantóir an CNIM. Is mór ag múinteoirí nuacháilithe é an fiúntas a ghabhann le tacaí ar leith a bheith acu le linn na chéad bhliana múinteoireachta. Is múinteoirí a bhfuil taithí acu iad baill na Foirne Tacaíochta Gairmiúla agus an meantóir agus is féidir le MNC tacaíocht phearsanta, ghairmiúil agus oideolaíoch a iarraidh orthu sa chéad bhliain ríthábhachtach sin.
Is cabhair do MNCanna atá páirteach sa chlár iad na gníomhaíochtaí ionduchtaithe scoile-bhunaithe seo a leanas: cruinnithe leis an Meantóir CNIM nó leis an FGT, am pleanála, breathnú ar mhúinteoirí eile i mbun teagaisc, nascadh leis na seirbhísí náisiúnta, breathnú agus aiseolas agus gníomhaíochtaí ionduchtaithe eile. Cuirtear forbairt ghairmiúil ar fáil do MNCanna, FTGanna agus meantóirí CNIM ó cheann ceann na bliana.
Aithnítear go forleathan gur buntáiste fadtéarmach do scoileanna mar eagraíochtaí foghlama é pobail láidre foghlama gairmiúla a thógáil trí chláir ar nós na gCeardlanna Ionduchtaithe.
Is é Grúpa Pleanála Ionduchtaithe Droichead a bhainistíonn an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí. 'Creating a structure that allows experienced teachers to work with novice teachers and that acknowledges their expertise will ultimately strengthen the overall organisation, including retaining good practitioners in the classroom.' (Teachers Matter OECD 2005)